D’fhreastail Ceann Foirne Óglaigh na hÉireann, an Leifteanant-Ghinearál Seán Clancy agus an Ginearáloifigeach i gCeannas an Aerchóir, Briogáidire-Ghinearál Rory O’Connor ar shearmanas tabhairt ar lámh míleata Aeradróm Bhaile Dhónail níos túisce inniu.
Reáchtáladh Searmanas Comórtha Céad Bliain ag bunáit Aerchór na hÉireann
D’fhreastail Ceann Foirne Óglaigh na hÉireann, an Leifteanant-Ghinearál Seán Clancy agus an Ginearáloifigeach i gCeannas an Aerchóir, Briogáidire-Ghinearál Rory O’Connor ar shearmanas tabhairt ar lámh míleata Aeradróm Bhaile Dhónail níos túisce inniu.
Mar chuid den searmanas, ar ar fhreastail breis is 1,000 pearsanra seirbhíse agus pearsanra iar-sheirbhíse, bhí comhlacht ionadaíoch de phearsanra Aerchór na hÉireann ag máirseáil go siombalach tríd an bpríomhgheata bunaidh ag 12.00pm. Leagadh bláthfhleasc chun na daoine a básaíodh le linn seirbhíse le Céad Bliain anuas a chomóradh agus ina dhiaidh sin ardaíodh na Dathanna Náisiúnta agus rinneadh tareitilt searmanais.
Chuimhnigh, agus é ag labhairt ag an imeacht, an Ginearáloifigeach i gCeannas an Aerchóir, Briogáidire-Ghinearál Rory O’Connor orthusan a bhí ann “sular mháirseáil fórsaí na hÉireann isteach agus sular ghlac siad ceannas ar an gCampa ar an 03 Bealtaine 1922 agus is é Baile Dhónail bunáit Aerchór na hÉireann ó shin i leith. Is de bharr na ndaoine sin a shiúil trí na geataí seo agus a bhí i mbun seirbhíse ar feadh na mblianta, an chuid is mó díobh a thug os cionn na ndeicheanna de bhlianta, is cúis le dúthracht phearsanra Aerchór na hÉireann, na misin a tugadh chun críche agus na daoine a tugadh slán.”
Is éard a dúirt sé freisin, “Ag caitheamh súil siar dúinn ar an gcuma a bhí ar Bhaile Dhónail 100 bliain ó shin, níl aon dabht faoi ach go mbeadh na chéad chomhaltaí in Aerchór na hÉireann an-bhródúil as an eagraíocht atá inti anois, agus as an méid atá bainte amach aici sa chéad 100 bliain ó bunaíodh í.”
Is féidir tuilleadh sonraí a fháil sa leabhrán atá faoi iamh
Tuilleadh grianghraf: https://www.flickr.com/photos/dfmagazine/albums/72177720298607809